Get Saorview Connect

Is cuma cén córas atá agat, nó cén bealach ar maith leat féachaint ar an teilifís, tá rogha againn a fheilfidh tú.

Faigh Saorview Connect

Gan tú réidh do Saorview Connect ach tú fós ag iarraidh teacht ar na cláir teilifíse is ansa leat gan conradh ná billí míosúla? Is féidir linn cabhrú leat.

Saorview combi

Saorview combi

Níos mó arís ábhar teilifíse saor in aisce, níos mó ná 100 cainéal

Roghnaigh Teilifíseán Comhcheangail atá Saorview-cheadaithe nó ceangail bosca comhcheangail atá Saorview-cheadaithe le teilifíseán.  Ceangail sin le haeróg chun cainéil na hÉireann a fháil saor in aisce agus le mias satailíte chun cainéil eile, ón Ríocht Aontaithe a fháil saor in aisce. Simplí!

  • Saorview Features + Saorview Features + Saorview Features
  • 100+ cainéal teilifíse
  • 30+ stáisiún raidió

Conas a oibríonn sé?

Mar is léir ón ainm, oibríonn Saorview combi trí chomhartha ó aeróg a nascadh le comhartha ó mhias satailíte ionas gur féidir cainéil na hÉireann agus cainéil teilifíse saor in aisce as an Ríocht Aontaithe a thapú.

Chun sin a dhéanamh, ní mór Teilifíseán Comhcheangail atá Saorview-cheadaithe a bheith agat nó bosca comhcheangail atá Saorview-cheadaithe a cheangal le teilifíseán eile.

Teastaíonn freisin, mura bhfuil sin agat cheana, aeróg nó mias satailíte a shuiteáil.

Ar an rud deireanach, úsáidtear cáblaí ar chaighdeán maith chun an aeróg agus an mhias satailíte a cheangal leis an teilifíseán nó leis an mbosca agus bain lán na súl as an ábhar.

Cad atá le fáil?

Bíonn teacht le Saorview ar chainéil ó RTÉ, TV3, agus TG4  - an chuid is fearr d'ábhar na hÉireann agus na cláracha teilifíse is mó lucht féachana in Éirinn, saor ó tháille.  Anuas air sin, is féidir éisteacht leis an raidió agus Aertel digiteach a úsáid.

Anuas air sin arís, tá teacht ar níos mó ná 100 cainéal teilifíse saor in aisce ón Ríocht Aontaithe.


An chéad rud eile?